Fáilte go Gaelscoil Chluainín

Naíonáin Bheaga and Muinteoir Sinéad (The Principal)

Naíonáin Bheaga and Muinteoir Sinéad (The Principal)

Seo hí an triú bhliain ar an bhfód ag Gaelscoil Chluainín i mbliana (2009 -10) agus tá ag éirí thar barr le forbairt na scoile. Tá cúig phost lán aimseartha againn sa scoil – príomh oide, beirt mhúinteoir rangan, múinteoir tacaiocht foghlama agus cúntóir riachtanaisí speialta.

Beidh daltaí rang a 3 ag tosú i rang a 4 rud a chiallíonn go mbeidh 6 rang againn sa scoil. Tá 57 dalta san iomlán ag freastal ar an scoil i mbliana rud a chiallaionn go mbeidh stádas buan á lorg againn ón Roinn Oideachais (51 an sprioc).

An Clós Scoile

An Clós Scoile

Tá suíomh idirlín nua galánta againn (buíochas le Brian ó Ceallacháin), atá iomlán dhá-theangach. Bí á leanúint tríd an bhlian mar go mbeidh  nuacht, pictiúirí agus neart eolas suimiúl faoin scoil agus gaelscoilaíocht le feiscint ann. Is suíomh dhá-theangach é seo agus is seans iontach é seo do thuistí a gcuid Gaeilge a úsáid agus a fheabhsú tré bheith ag dul idir an dá leagan.
Freisin, má tá aon ábhar agat a mheasan tú a chuirfeadh leis an suíomh; nascanna oideachaisiúla, imeachtai 7rl, seol iad chuig eolas@gaelscoilchluainin.com

Má tá ceisteanna le cur agat brúigh cnaipe na ‘Ceisteanna Coitianta’ áit atá mórán freagraí ar na ceisteanna is coitianta a chuirtear. Má tá aon ceist eile agat cuir glaoch le do thoil ar an scoil ag 071 9856821. Nó is féidir dul i dteagmháil le aon bhall den Bord Bainistíochta nó Coiste na dTuismitheoirí  agus deánfaidh siad a ndícheall cabhrú leat.

Tá súl agam go mbeidh bliain ar dóigh againn arís i mbliana agus go dtiocfaidh an oiread feabhas ar bhur bpáisti is a dtánaigh orthu anuriadh.


Teanga / Language

Féilire Imeachtaí

March 2010
M T W T F S S
1234567
891011121314
15161718192021
22232425262728
293031EC

Ailt is Déanaí

Nascanna

RSS