Cultúr agus Spóirt

Ábhair Breise

Feadóg Stáin
Ceanaitear feadog stáin do chuile pháiste a fhreastalaíonn ar an scoil agus Múineann Emer Mayock doibh conas é a sheint uair sa seachtain don bhliain uilig.

Drámaíocht
Ó Mí feabhra ar aighidh rinne Prion Ó Duigneáin (Stiúrthóir an comhlacht Drámaiochta Splódar) ranganna drámaíochta uair sa tseachtain. taispeáineadh an dráma Píobaire breac chluainín ag deireadh an tSamhraidh. beidh Prion ag filleadh ar an scoil aris.

Snámh
rinne chuile ldalta a d’fhreastal ar an scoil 10 seachtainí snámh i mBéal Átha Seannaidh. deanfaidh siad amhlaidh i mbliana.

Ióga
Mhúin Nóilín Tirial as Adr na hUamha Ióga uair sa seachtain thar ceithre seachtainí. thaitin seo an oiread sin leis na páistí go ndeinfidhid seo arís go cinnte i mbliana.

Damhsa Comhaimseartha
thánaigh Damhsóir agus cóirtheoir darb Ní donnachadh ar chuairt thart ceithre seachtainí is do mhúin Damhsa comhaimseartha dos na daltai. tá muid ag tnuth len í a fháil thar nais.

Scriobh Leabhair
Scriobh chuile dalta a leabhar féin anuraidh,mar chuid de chomórtas bunaithe i Liatroim. B’iad na taon páistí a scríobh leabhair i nGaeilge. D’éirigh chomh maith leo gur cinnte go ndeinfidh muid arís i mbiana é.

Feis Shligigh
Ghlac daltaí Gaelscoil Chluainín Pupils páirt i gcomórtais íDramaíocht, amhránaiocht agus ceoil i Feis Shligigh na bliana seo chaite. thóg mórán acu duaiseann abhaile leo. Beidh muid ag cuidedh leo aris in a nullmhúcháin dos na comórais i mbliana.

Féilte 7 Mór-shiúil
iscoil bhliain 08/09 ghlac na daltaí agus tuistí páirt i mórshiúil na Samhna agus mórshiúil féile Naomh Pádraig, chuidigh an scoil san iarracht dea-cuma a chuir ar na mórshiúil agus beidh sin á dhéanamh arís i mbliana.thánaigh San Nicolás ar cuairt chucu freisin tar éis seó na Nollag.

Scéalaíocht
Bhí deis ag na leannaí dhá scéalaí den scoth a fheiscint nuair a dtánaigh Seosamh Mac Muiri (Léachtóir gaeilge agus Eagraitheoir Beo.ie) agus Séamus Mac Annaí (Údar, Úrscéalaí agus scríobhnóir conaithe in ollscoil na Banríona i mBéal feriste) isteach gach ré sheachtain ar feadh 4 sheachtain chun scéalta a thabhairt uathu.

Ceolchoirm, céardlainn
thánaigh Lunasa ar cuairt is do shein dos na leannaí mar a dtánaigh grúpa tras cultúrtha darb ainm Dúchas a sheineann ceol agus a chasann amhráin Albanach agus gaelach. thug Baoill de Kíla céardlann ceol agus bhuail Des Bishop isteach théis do seó a chuir ar siúl chun airgead a bhailiú don scoil an oíche roimhe.

Beidh Dervish ar chuairt chug an scoil i mbliaina mar chuid ról mar ceoltóiri conaithe agus beidh tuilleadh ceolcoirmecha á chuir ar siuil ag ceoltóiri a bheidh ag seinm in ionad na nGleannta.

Seachtain Ealaíona
dob é seo ár chéad seachtain ealaiona agus chaith na leannai an seachtain uilig ag dathú ag déanamh, ag gearradh, ag greammadh agus á chuir féin iúl chomh cruthaitheach is a bhíodar in ann. Beidh seo á dhéanamh againn arís i mbliana.

Lá Spórt
D’eagraigh cumann na dtuistí lá spórt ar lá breá gréine i mí Meitheamh. Bhí ráib-rásanna, rásaí ubh is spúnóg, rásaí trí chosachagus agus bhuaigh na cailíní ar na buachailí sa chomórtas tarraingt téide.

Ath Chúrsál
Tá córas ath-chúrsála fé bhun againn sa scoil ina ndéantar scagadh ar chuile ábhar ionas nach gá daon ábhar turlaing ar carn dramhaíola. Tógtar an ábhar uilig chuig an Ionad ath-chúrsála nuair atá na boscaí bruascar éagsúla lán. I mbliana beidh muid ag tabhairt cuireadh dos na daltaí páirt a ghlacadh sa phróiséis sa Ionad.


Teanga / Language

Féilire Imeachtaí

July 2010
M T W T F S S
 1234
567891011
12131415161718
19202122232425
262728293031 

Ailt is Déanaí

Nascanna

RSS