Bord Bainistíochta | Teagasc Creidimh | Pátrún na Scoile | Bailiú Airgid

Bord Bainistíochta

Rossa Ó Snodaigh – Cathaoireach
Seosamh Mac Muirí
Colm Ó Muirgeáin – Cisteoir
Attracta Gallagher
Betty Ní Dhuigneáin
Owen Leonard
Sinéad Torsney – Priomhoide
Máiréad Ní Ghonalaigh – Rúnaí

Teagasc Creidimh

Is scoil chaitliceach í Gaelscoil Chluainín. Usáideannmid an leabhar ‘Beo Go Deo’ len Chríostaíocht a mhúineadh do na leannaí. Ullmhaítear na páistí i gcomhair sacrimintí, An Chéad Chomaoineadh agus Dul Faoi Lámh an Easpaig sa scoil. Ní gá go bhfreastalódh aon leanbh a fhaighean cead óna dtuismiheoir ar an rang creidimh. Tá leannai sa scoil nach bhfreastalaionn ar an rang creideamh cheanna féin.

Pátrún na Scoile

Is i an Foras Pátruntachta Pátrún Gaelscoil Chluainín.
Is pátrún neamhspléach iad an foras Pátruntachta. Is pátrúin iad ar Gaelsoileanna il-chreideamhach, idir-chreideamhach, neamhchreideamhach, Caitleachach agus Prodastunach.

Buníodh an Foras Pátrúntachta ionas go mbeadh pátrun le Gaeilge ar fáil do gach chinéal Gaelscoil a bhítear á bhunú.

Is é Dónal ó Conaill cathaoirleach An Foras Pátrúntachta.

Chun cinntiú de gur féidir le chuile Gaelscoil fé pátrúntacht an fhorais a aidhmneanna gaeilge a bhaint amach leanannsiad treoir an fhoras sa polasai atá leagtha síos anseo.

1. An t-Acht Oideachais 1998 15:

(1) Is é dualgas boird an scoil a bhainistiú thar cheann an phátrúin agus ar mhaithe leis na mic léinn agus a dtuismitheóirí agus oideachas cuí a sholáthar nó a chur faoi deara é a sholáthar do gach mac léinn ar an scoil a bhfuil freagracht ar an mbord sin ina leith.

(2) Comhlíonfaidh bord na feidhmeanna a thugtar dó agus do scoil leis an Acht seo agus, le linn do bhord a fheidhmeanna a chomhall-

(a) déanfaidh sé amhlaidh de réir na mbeartas a chinnfidh an tAire ó am go ham,

(b) déanfaidh sé spioraid sainiúil na scoile, mar a chinntear é de réir na luachanna agus na dtraidisiún cultúrtha, oideachais, morálta, creidimh, sóisialta, teangeolaíochta agus spioradálta is bun le cuspóirí agus stiúradh na scoile agus is saintréithe den chéanna, a chosaint agus beidh sé cuntasach don phátrún as iad a chosaint amhlaidh, agus gníomhóidh sé i gcónaí de réir aon Achta den Oireachtas nó aon ionstraime arna déanamh faoin gcéanna, agus de réir aon ghníomhais, cairte, airteagal bainistíochta nó aon ionstraime eile den sórt sin a bhaineann le bunú nó le hoibriú na scoile.

(c) Rachaidh sé i gcomhairle leis an bPátrún agus coinneoidh sé ar an eolas é nó í maidir le cinntí agus tograí do chuid an bhoird.

2. Scoil Lán-ghaeilge.

(a) Is scoil lán-Ghaeilge í an Ghaelscoil arb í an Ghaeilge -

teanga 1 na scoile

teanga ghnó agus chumarsáide na scoile

teanga theagaisc agus fhoghlamtha i ngach ábhar seachas Béarla

teanga chaidrimh idir múinteoirí iad féin

teanga chaidrimh idir múinteoirí agus na daltaí

teanga chaidrimh idir na daltaí féin agus i ngach rud a bhaineann le saol na scoile taobh istigh nó taobh amuigh den scoil.

(b) Labhrófar an Ghaeilge i gconaí sa scoil, sa chlós, ar an mbus scoile, ar thurasanna scoile agus le linn imeachtaí iar-scoile.

3. An Tumoideachas

(a) Is é an tumoideachas an córas oideachais a chuirtear i bhfeidhm sa Ghaelscoil. Ciallaíonn sé seo go bhfuil na daltaí báite sa Ghaeilge óna gcéad lá ar scoil. Labhróidh an múinteoir, Gaeilge amháin leis na daltaí ón gcéad lá a thosnaíonn siad ar scoil. Tá na blianta sna ranganna Naíonáin fíorthábhachtach dá réir.

(b) Ní foláir do na leanaí caighdeán a bhaint amach chomh luath agus is féidir. Leis an bpolasaí seo sealbhóidh na daltaí an Ghaeilge go nádúrtha agus go héasca.

4. Múinteoireacht.

(a) Déanfar na scileanna réamhléitheoireachta, réamh scríbhneoireachta agus scileanna réamhmhata go hiomlán trí Ghaeilge. Tosnóidh léitheoireacht i dTeanga 1 ar dtús mar atá leagtha síos ag an gCuraclam Athbhreithnithe. Múintear gach ábhar ar chlár na bunscoile trí mheán na Gaeilge ach amháin an Béarla.

(b) Is trí mheán na Gaeilge amháin a thabharfar gach míniú, soiléiriú agus sainmhíniú focal, téarmaí agus srl., i ngach ábhar ach amháin i gcás an Bhéarla.

(c) Sa chás go mbíonn daltaí na Gaelscoile á n-ullmhú i gcóir na Sacraimintí tá sé intuigthe gur trí mheán na Gaeilge amháin a dhéanfar an t-ullmhúchán seo agus gur trí Ghaeilge a chuirfear searmanais ar fáil ar an lá.

(d) Glactar leis gur as Gaeilge a dhéanfaidh an múinteoir Tacaíochta Foghlamtha agus an Múinteoir Achmhainne a gcuid oibre ar fad ach amháin nuair a bhíonn obair Bhéarla ar siúl.

5. Cumarsáid.

(a) Is é polasaí na Gaelscoile gurb í an Ghaeilge an teanga chumarsáide idir na daltaí i gcónaí i gclós na scoile. Ní foláir foclóir an chlóis a mhúineadh do na daltaí go luath tar éis dóibh tosnú ar scoil agus a chinntiú go ndéanfar dul siar ar an bhfoclóir seo ag tús gach téarma nua. (Cuirfear cóip den fhoclóir agus cluichí clóis abhaile)

(b) Is trí dhea-shampla agus trí dhea-chleachtas a ghlacfaidh na daltaí le polasaí na Gaeilge sa Ghaelscoil. Mar sin, beidh múinteoirí agus foireann uile na scoile le cloisint ag úsáid na Gaeilge i ngach gné den lá scoile taobh istigh agus taobh amuigh don seomra ranga, eatarthu féin, le páistí agus le haon duine fásta eile a thagann chun na scoile.

6. Riarachán Scoile.

(a) Beidh Gaeilge liofa ag rúnaí na Gaelscoile. Labhroidh sé/sí an Ghaeilge le páistí agus le múinteoirí agus i gcás na dtuistí labhróidh sé/sí Gaeilge leo chomh fada agus is féidir. Beifear ag súil go mbeadh Gaeilge ag cúntóirí ranga agus go labhróidh siad Gaeilge le páistí, múinteoirí, tuistí agus eatarthu féin. I gcás nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu, ní labhróidh siad Béarla os comhair na ndaltaí. Is cuid d’fhoireann na scoile gach fostaí sa scoil agus tá dualgas orthu an Ghaeilge a úsáid agus nach ndéanfaidh siad spiorad sainiúil na scoile a shárú, a ísliú nó a dhísbheagadh in aon slí.

(b) Is cuid lárnach de chód iompair gaelscoile labhairt na Gaeilge. Is tré mhealladh agus spreagadh an tslí is fearr chun an Ghaeilge a chur chun cinn – mealladh, moladh, duaiseanna, turas scoile breise, am spraoi breise. I gcásanna nach n-éiríonn leis seo cuirfear i bhfeidhm na céimeanna atá leagtha síos sa Chód Iompair.

(c) Cuirfear ar fáil do thuismitheoirí nua, foclóir de na téarmaí is coitianta a bheidh ar nótaí eolais ón scoil.Cuirfear fógraí agus nótaí ar fáil i nGaeilge amháin nó go dátheangach i rith na scoilbhliana.

(d) Cuirfidh an Bord Bainistíochta in iul do chuairteoirí ar ghnó oifigiúil chuig an scoil go dteastaíonn ón scoil go mbeadh Gaeilge ag na cuairteoirí seo, nó go ndéanfaidís fíor-iarracht pé Gaeilge atá acu a úsáid le linn a gcuairte.

7. Tuismitheoirí / Caomhnóirí

(a) Tá sé fíor-thábhachtach go bhfuil spéis dáiríre ag na tuistí sa Ghaeilge. Cuirfear tuistí faoi agallamh roimh chlárúchán a bpáiste chun sainmheon Ghaelach na Gaelscoile agus meas air a mhíniú, chun a ndearcadh agus dearcadh an Bhoird i leith na Gaeilge a roinnt. Beifear ag súil go bhfuil tiomantas acu don Ghaeilge.

(b) Sula gclárófar aon pháiste mar dhalta sa Ghaelscoil iarrfar ar na tuistí / caomhnóirí conradh a shíniú: ag glacadh le Polasaí Gaeilge

  • ag glacadh le Polasaí Iompair na Gaelscoile
  • ag cur in iúl go bhfuil siad ag glacadh leo
  • ag geallúint go míneoidh siad iad dá bpáistí agus
  • ag aithint na smachbhannaí atá ann agus á nglacadh.

(c) Seo roinnt bealaí gur féidir le tuistí cabhrú agus tacú le hobair na scoile:

- Feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge tré fhreastal ar ranganna

- An Ghaeilge a labhairt i gconaí i dtimpeallacht na scoile, ag teacht chun na scoile agus ag bailiú na bpáistí ach go háirithe.

- Na páistí a spreagadh an Ghaeilge a labhairt eatarthu féin, sa bhaile, sa charr, ar an nguthán lena chéile, ag cóisir agus imeachtaí iar-scoile.

- Labhairt go minic leis na páistí faoi na cúiseanna gur roghnaíodh scoil lán-Ghaeilge dóibh agus na buntáistí atá léi.

- Tacaíocht a thabhairt do riail na Gaeilge sa scoil.

- An Ghaeilge a úsáid am ar bith gur féidir – Cuirí Breithlá, cártaí Breithlá, Nollag agus buíochais

- Feidhmeoidh Coiste na dTuistí tré mheán na Gaeilge chomh fada agus is féidir.

- Ba cheart don Ghaeilge a bheith ina teanga chumarsáide, ghnó agus shóisialta idir na tuismitheoirí chomh fada agus is féidir, i dtimpeallacht na scoile.

- Lorgófar moltaí ó na Tuistí nuair atá an polasaí Gaeilge á dhréachtadh agus á athbreithniú agus cuirfear cóip go dtí na tuistí nuair atá sé faomhaithe ag an mBord/bPátrún.

8. Bord Bainistíochta

(a) Gabhfaidh forbairt agus fás na Gaeilge le ceann amháin de na postanna um Dualgaisí Speisialta. Beidh sé mar chúram ar an múinteoir seo i dteannta leis an Phríomhoide agus an mBord Bainistíochta agus i gcomhairle leis an bhfoireann uile plean a dhréachtadh agus a chur faoi bhráid an Bhoird. Déanfar athbhreithniú ar an bplean seo go rialta. Lorgófar moltaí ó Choiste na dTuistí maidir le seo.

(b) Déanfar cumarsáid leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, An Roinn Sláinte, An Chomhairle Chontae agus srl tré Ghaeilge.

(c) Feidhmeoidh an Bord Bainistíochta tré mheán na Gaeilge.

(d) Eagróidh an Bord Bainistíochta agus Coiste na dTuistí imeachtaí iarscoile chun timpeallacht Ghaeilge a chruthú do pháistí agus do thuistí -ranganna, ceol, damhsa, ceird, Club na nÓg, cluichí agus srl.

(e) Glacfaidh an scoil páirt i gcomórtais agus í bhféiltí Gaeilge agus Gaelacha.

(f) Sa thuairisc a thugann an Príomhoide ag gach cruinniú Boird, beidh cúntas ar fáil faoi dhul chun cinn na Gaeilge mar chuid d’ábhar na tuairisce.

(g) Ba mhór don Bhord freastal ar riachtanais na dtuistí trína chinntiú go bhfuil siad

-rannpháirteach in oideachas a gcuid páistí

- rannpháirteach i gcur chun cinn na scoile agus na Gaeilge:- mar shampla ranganna Gaeilge ag leibhéil éagsúla, caint faoi labhairt na Gaeilge sa bhaile agus conas í a spreagadh agus a chur chun cinn ann agus iad a mhealladh isteach ar thaobh na Gaeilge.

(h) Aon Mhúinteoir nach bhfuil cruinneas sásúil Gaeilge aige/aici a chur ar chúrsa le feabhas a chur ar labhairt agus scríobh na Gaeilge (Cruinneas).

(i) Athbhreithniú a dhéanamh ar an bPolasaí Gaeilge go rialta

(j) Ba cheart don Bhord , don Phríomhoide, don fhoireann scoile agus do na tuistí a ról a ghlacadh ag cinntiú go gcloítear leis an bPolasaí Gaeilge1.

Bailiú Airgid

Eagraíonn an Coiste 2-3 ócáidí gach bliain le haghaidh airgead a bailiú. Tá cuntas againn le Banc na hÉireann i gCluainín Uí Ruairc agus is féidir linn deontais a ghlacadh ansin. Tá stádas deonach ag an scoil mar atá ag chuile scoil fé phátrúntacht an fhorais pátrúntachta. Ní bhíonn cáin le híoc ar méid aon deontas a déantar.

Más mian leat cabharú len scoil, déan teagmháil le Coiste na dTuistí le cibé sár smaointe atá agat. Féadfaidh tú uimhir teagmhala a fháil ar leathanach coiste na dtuistí ar an suíomh seo.


Teanga / Language

Féilire Imeachtaí

July 2010
M T W T F S S
 1234
567891011
12131415161718
19202122232425
262728293031 

Ailt is Déanaí

Nascanna

RSS