Buntáistí Gaelscoilíochta

Buntáiste airgeadais, oideachaisiúl is sóisialta ag Cainteoirí Gaeilge - tuairisc


Tá cainteoirí Gaeilge ag tuilleamh pá níos airde nán chuid eile den phobail, de réir tuairisc úr.

Thiomsaigh beirt taighdeoirí as Ollscoileanna Uladh agus Luimnigh an tuairisc a thagann ar an tuairim deiridh go bhfuil oideachais níos fearr ag cainteoirí Gaeilge agus go bhfuil níos lú seans go mbeidh siad dí-fhostaithe ná siúd gan Gaeilge.

Siad príomh torthaí an tuairisc a d’fhoilsíodh sa ‘Léirmheas Eacnamaíoch agus Sóisialta’ ná:

- Tá dhá oiread an seans acu siúd nach labharann Gaeilge bheith dí-fhostaithe ná siúd a labharann Gaeilge.

- Oibríonn 42% de chainteoirí Gaeilge i ngairmeacha sinsearacha, bainisíochta nó postanna teichniúla i comparáid le 27% de neamh-chainteoirí.

- Níl ach 12% de cainteoirí Gaeilge i ngaireamhacha leathoilte nó neamhoilte i gcomparáid le 20% de neamhchainteoirí.

- Feictear go bhfuil líonra shóiialta teangmhálach ag cainteoirí an teanga agus go mbaintear tairbhe as na buntáistí uilig a dtéann le líonra den tsaghas sin.

Dúirt an tOllamh Vani K Borooah as Ollscoil Uladh: “Sén rud ait faoi cainteoirí Gaeilge in Éireann ná nach labharann mórán dóibh ró mhinic í agus siúd a labharann í déanann siad é go hanamh.”

“Ach d’aimsigh muid, ar chaoi éigin, go bhfuil buntáiste suntasach acu i margadh an lucht saothair ”

Bhain an foireann taighde úsáid as sonraí ó Daonáireamh 2006 chun scrúdú a dhéanamh ar an cheist ‘a dtugann Gaeilge aon bhuntáiste dóibh siúd a labharann í’,

B’ábhair iontais dóibh gurb suntasach iad na buntáistí, cé gur teanga í nach labhairtear ró-mhinic lasmuigh den Ghaeltacht.

Is dóichiúla go bhfaighfidh siúd a labharann Gaeilge níos minice post slán le íocaíocht ard, dar len tuairisc.

Maidir le oideachais, tá céim nó cáilíocht níos airde ag 25% de chainteoirí i gcomparáid le 14% de neamh-chainteoirí,

Níl ach 9% de chainteoirí le buncháilíocht ná gan aon cháilíocht i gcomparáid le 22% de neamhchainteoirí.

Deir an tuairisc go bhfuil ról láirneach á himirt ag na Gaelscoileanna; iad ag bronnadh deis do chainteoirí oideachais d’ard chaighdeán a bhaint amach.

Lúann siad liosta na scoileanna fhriothlácha ó tIrish Times 2009 inar sheol 22% des na Gaelscholáistí chuile ceann dá dhaltaí ardteiste chuig cúrsaí 3ú leibhéal, i gcomparáid len gnáth meáin seicimh de 7%.

Dúirt an tOllamh Borooah go mbaineann cainteoirí sa Phoblacht tairbhe suntasach as buntáistí sóisialta mar go bhfuil an teanga braite chucu ag an méan is an uasal aicme sa Phoblaht.

Theaspáin an taighde gur ionann na buntáistí fostaíochta do chaineteoirí ar dhá thaobh an teorainn.

I dTuaisceart na hÉireann, dúradar gurb Caitlicigh ar bharr an scála soceacnaimiúl a bhaineann tairbhe as deis an Ghaeilge a fhoghlaim.

Dúirt siad gurb é an chéad iniúchadh córasach ar deineadh faoi cheist bhuntáiste do cainteoirí a cuid Gaeilge ar oileán na hÉireann.

Léigh an tuairsc ina iomláine ar an suíomh seo:   http://www.esr.ie/Vol40_4/Borooah.pdf


Teanga / Language

Féilire Imeachtaí

March 2010
M T W T F S S
1234567
891011121314
15161718192021
22232425262728
293031EC

Ailt is Déanaí

Nascanna

RSS