Ceisteanna Coitianta
- Cad iad na buntáistí a bheith dhá theangach?
- Ach ní féidir liom Gaeilge a labhairt?
- Conas a úsáidfimid Gaeilge sa bhaile mura féidir ach le duine dínn é a labhairt?
- An meascann páistí an dá theanga le chéile?
- Conas is féidir liom cabhrú le mo pháiste sa naíonra nó sa scoil mura féidir liom Gaeilge a labhairt?
- Cad is fiú dúinn Gaeilge a labhairt sa bhaile nuair atá sé á fhoghlaim ar scoil ag ár bpáiste?
- An mbeidh droch-thionchar ar Bhéarla mo pháiste is í/é ag foghlaim dhá theanga?
- Cad a dhéantar má tá mianta speisíalta ag mo pháiste?
- An bhfuil Gaeilge deacair le foghlaim?
- Is maith liom léamh do mo pháiste. Conas is féidir liom é seo a dhéanamh mura labhraím Gaeilge?
- Cad is fiú do mo pháiste mion-theanga a fhoghlaim?
- Nach mbeadh sé níos fearr dá bhfoghlaimeodh mo pháiste teanga úsáideach ar nós Fraincis, Gearmáinis nó Spáinnis?
- Conas is féidir liom meon dearfach i dtreo na Gaeilge a mhúscailt i mo pháiste?
- An mbeifear fós ag labhairt Gaeilge sa bhliain 2020?
- Ceart go leor – táim tiontaithe! – cad é an chéad chéim eile?
Freagraí
Ceist: Cad iad na buntáistí a bheith dhá theangach?
Freagra: Tá iomad buntáistí, mar shampla:
- Léiríonn taighde go dtaispeánann páistí le níos mó ná teanga amháin níos mó cruthaíochta agus solúbtachta ina bpróiseais smaointe.
- Beidh buntáistí eacnamúil ann níos déanaí agus do pháiste ag lorg post mar go bhfuil i bhfad níos mó fostóirí ag lorg fostaithe dhá-theangach.
- Is coinníoll chun obair san EU bheith dhá-theangach. Le stádas oifigiúil oibre san EU faighte ag an Ghaeilge beidh seans acu siúd le Gaeilge agus Béarla obair san EU.
- Is féidir len Ghaeilge nasc a chothú idir na nglúinte má bhíonn Gaeilge ag seanathair, seanmháthair nó uncail nó aintín.
- Is féidir le duine dhá-theangach cumarsáid le níos mó daoine ná duine aon-theangach.
- Tugann sé seans do dhuine dhá chultúr a bhlaiseadh.
- Tugann sé seans do dhuine bheith páirteach i ngach ngné den saol sna Gaeltachtaí.
Ceist: Ach ní féidir liom Gaeilge a labhairt?
Freagra: An freagra simplí ná – is cuma! Ní féidir le suas le 65%-70% de thuismitheoirí a chuireann a bpáistí chuig Gaelscoil Gaeilge a labhairt ach oiread. Ní chaillfidh do páistí a dteanga, foghlaimeoidh siad teanga breise agus beidh siad in ann casadh ó cheann amháin go dtí an cheann eile gan stró más gá dó ceist a chur ort.
Ceist: Conas a úsáidfimid Gaeilge sa bhaile mura féidir ach le duine dínn é a labhairt?
Freagra: Tá sé seo coitianta ní amháin i nGaeilge agus i mBéarla in Éirinn ach in iomaí tíortha mór-thimpeall an domhain a mbíonn dhá theanga á labhairt acu. An chéad chéim ná roghnú gur mian leat go mbeadh do pháiste dhá theangach. Is é sin an t-am gur gá don tuismitheoir a labhrann Gaeilge é a labhairt chomh minic agus is féidir ag an mbaile ionas go rachaidh an páiste i dtaithí ar bheith ag éisteach le na dá theanga. Ní gá go mbraithfeadh an páirtí a bheith fagtha amach, cuimhnigh gur breá le páistí, aistriú agus míniú cad a dúradh i nGaeilge. Is féidir leis an páirtí gan Gaeilge a theanga féin a labhairt don páiste ionas go mbeidh siad iomlán dhá-theangach. Is modh coitianta agus rathúil é seo ar a dugtar ‘Aon Teanga Aon Tuismitheoir’.
Ceist: An mheascann páistí an dá theanga le chéile?
Freagra: Amanna tarlaíonn sé seo ar dtús, ach ní cúis buartha é, is cuid de próiseas nádúrtha foghlama dhá theanga atá ann. Tá sé an-áisiúil go gcloisfidh siad fuaimeanna an dá theanga is iad óg. Má théann páistí chuig naíonra beidh siad cheana féin in ann deighilt a dhéanamh idir an dá theanga faoin am go dtosaíonn siad sa bhun-scoil. Tuigfidh siad an difríocht agus labhróidh ar ais sa teanga ina labhrann tusa leo.
Ceist: Conas is féidir liom cabhrú le mo pháiste sa naíonra nó sa scoil mura féidir liom Gaeilge a labhairt?
Freagra: Tá iomad bealach ar féidir leat cur leis an méid atá á fhoghlaim ag do pháiste sa Naíonra nó sa scoil:
- Is féidir leat spéis áirithe a léiriú i ngach ghné dá scolaíocht.
- Níl aon fáth nach leanfá ar aghaidh ag léamh agus ag comhrá faoin a ghníomhaíochtaí i pé teanga atá tú compordach ann.
- Beidh sé ann mhaith dá scileanna sóisialacha agus smaointe de bheith ag insint duit as béarla cad atá á fhoghlaim aici as Gaeilge.
- Mar a luaigh muid, b’fhéidir gur cóir duit smaoineamh ar thosú gaeilge a fhoghlaim tú féin ionas gur féidir leat coimeád suas le do pháiste.
Ceist: Cad is fiú dúinn Gaeilge a labhairt ag an baile nuair atá sé á fhoghlaim ar scoil ag ár bpáiste?
Freagra: Is áit an-tábhachtach é an baile do pháistí a dteangacha a fhorbairt. Áit nádúrtha é bheith ag caint faoi gnáth chúrsaí an lae le tuistí nó le daoine eile. Má tá an seans agat Gaeilge a úsáid ag an baile, déan sin, mar is áit an-mhaith do do pháiste í a labhairt ann freisin.
Ceist: An mbeidh droch-thionchar ar Bhéarla mo pháiste is í/é ag foghlaim dhá theanga?
Freagra: Taispeánann an taighde gur gcabhraíonn cumas i dhá theanga le cumas foghlama i gcoitinne. Is féidir le páistí foghlaim faoi rud éigin i dteanga amháin agus labhairt faoi i dteanga eile, agus cabhraíonn seo leo an t-ábhar a thuiscint níos fearr. Taispeánann an taighde is déanaí go n-éiríonn níos fearr le páistí atá ag fáil oideas dhá theangach i ngach ábhar, Béarla san áireamh!
Ceist: Cad a dhéantar má tá mianta speisíalta ag mo pháiste?
Freagra: Is féidir le páistí le mianta speisialta é, teacht ina gcumas iomláine i nGael-scoil, sa chaoi céanna is ar féidir leo in aon scoil eile. Taispeánann an taighde go neartaíonn dhá-theangachas foghlaim – seachas é a lagú. Má tá aon amhras ort, glac comhairle ó eolaí gairmiúil, b’fhearr go mbeadh cleachtadh acu ar bheith ag déileáil le páistí dhá-theangach. Beidh Gaelscoileanna in ann cinntiú go mbeidh gach cúnamh ar fáil ag do pháiste.
Ceist: An bhfuil Gaeilge deacair le foghlaim?
Freagra: Níl! In atmaisféir cuidiúil is féidir le aon páiste foghlaim conas Gaeilge a labhairt chomh héasca is a bhfoghlaimeodh siad aon teanga, cuma cé chomh deacair is a mheastar atá an teanga. Cuimhnigh go mbeirtear páistí le cumas bheith dhá-theangach. Tá spás san intinn do níos mó ná teanga amháin.
Ceist: Is maith liom léamh do mo pháiste. Conas is féidir liom é seo a dhéanamh mura labhraím Gaeilge?
Freagra: Níl aon fáth nach léifeá leabhair trí Bhéarla dod pháiste agus iad a ghríosú chun leabhair Béarla a léamh iad féin. Is féidir leat comhairle a lorg ó do leabharlann áitiúil maidir le leabhair caoi a roghnú. Ritheann leabharlann Chluainín maidin ‘Léitheoireacht Leabhair Ghaeilge do Pháistí’ gach Céadaoin. Cabhróidh sé seo le tuismitheoirí gan Gaeilge roinnt leabhair Gaeilge a léamh dá bpáistí. Maidir le do pháiste, chomh luath is atá léitheoireacht foghlamtha acu, beidh siad in ann aistriú ó Ghaeilge go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge gan stró.
Ceist: Cad is fiú do mo pháiste mion-theanga a fhoghlaim?
Freagra: Tá suas le 100 mion-theanga sa Chomhaontas Eorpach nua á labhairt ag na milliúin daoine. Tá idir 60% agus 70% de dhaonra an domhain ag úsáid dhá theanga chuile lá dá shaoil. Úsáideann 50 milliún daoine teanga nach é príomhteanga a dtíortha é chuile lá.
Ceist: Nach mbeadh níos fearr dá bhfoghlaimeodh mo pháiste teanga úsáideach ar nós Fraincis, Gearmáinis nó Spáinnis?
Freagra: Foghlaimeoidh daltaí dhá-theangach an triú agus an ceathrú teanga níos sciobtaí ná páiste aon–teangach ag foghlaim a dara theanga. Ní thosaíonn curaclam na dteangacha Eorpacha go dtí go dtosaíonn na páistí sa dara leibhéal. Mar sin tá sé i bhfad níos úsáidí dóibh dhá theanga a bheith acu agus iad ag tosú sa mheán scoil.
Ceist: Conas is féidir liom meon dearfach i dtreo an Ghaeilge a mhúscailt i mo pháiste?
Freagra: Más mian leat go mbeidh do pháiste mórtasach as bheith in ann Gaeilge a labhairt, tá sé tábhachtach go mbíonn meon dearfach agat i dtreo an teanga agus go dtaispeánann tú é seo dod pháiste. Is minic a léiríonn páiste an meon céanna i leith rudaí agus a bhíonn ag na tuismitheoirí. Má thaispeánann tusa gur maith leat Gaeilge a chloisteáil, is dócha go mbainfidh do pháiste taitneamh as í a labhairt!
Ceist: An mbeifear fós ag labhairt Gaeilge sa bhliain 2020?
Freagra: Ní hamháin gur teanga saibhir a dtéann i bhfad siar sa stair í an Ghaeilge ach is teanga bríomhar nua-aoiseach í atá ag díriú í féin i bhfad isteach sa todhchaí. Teanga an-láidir í an Ghaeilge a mhaireann in ainneoin an cur ina choinne fíochmhar a dhéanadh thar na céadta bliain. Ciallaíonn an spéis úr atá á léiriú sa teanga de thúisce dea-thorthaí na Gaelscoileanna, TG4 agus srl. go leanfaidh an teanga ag forbairt agus gur bhfanfaidh sé mar teanga labhartha ar féidir le chuile dhuine in Éirinn páirt a ghlacadh inti.
Ceist: Ceart go leor – táim tiontaithe! – cad é an chéad chéim eile?
Freagra: Má tá páiste agat téigh i dteagbháil le duine de choiste bunaithe Gaelscoil Chluainín. D’fhéadfeá scríobh chugainn ag an seoladh thíos nó ríomhphost a sheoladh chugainn ag eolas@gaelscoilchluainin.com. Mura bhfuil cónaí ort gar go leor don scoil beidh muid in ann chomhairle a thabhairt duit ar na gaelscoileanna is cóngairí dhuit.