Eolas Ginearálta
Bus-Bhealaigh | Córas Páirceála na Scoile | Fliú na Muc | Ceisteanna Coitianta
Bus-Bhealaigh
Bus Bhealaigh – Deontas taisteal
Bunaíonn Bus Éireann Bus-Bhealach nuair atá seachtar dalta scoile ina chónaí in aon limistéir amháin. Is gá go mbeadh na daltai sin 2 chiliméadar ón scoil. Faoi láthair tá trí bus-bhealach bunaithe ; Gleann Buí, Droim Dhá Thiar agus Ros Inbhir.
Deontas Taisteal
Mura bhfuil Bus-Bhealach á chuir ar fáil dod leanbh agus tú id chónaíonn níos mó ná dhá chiliméadar ón scoil, beidh tú i dteadal deontas taisteal. Chun seo d’fháilt is gá litir sínithe ag an príomhoide le líon na laethanta a d’fhreastal do leanbh ar an scoil a sheoladh chuig an Roinn Oideachais
Córas Páirceála na Scoile
Ar mhaithe le sábháilteacht na leannaí, na tuistí agus na carranna eile ar an bhóthar cuirimid iachall ar chuile tuismitheoirí atá ag tiomáint a bpáistí chuig an scoil spás páirceála slán a fháil.
Mar nach bhfuil aon soilsí baol ná aon comharthaí foláirimh le cur in iúl do thiománaithe eile go bhfuil scoil os a gcomhair, tá faitíos ag teacht ar thuistí agus foireann na scoile go dtarlóidh timpiste; Dá bhrí sin:
Ní Cheadófar
• Páircéal le hais carr eile
• Páirceál trasna an bhóthar ón scoil.
Cár Féidir Páirceál?
• In aice len chosán ar thaobh na scoile a ritheann fad Shráid an Chaisleáin.
• I gcarr chlós ‘the Castle’ (an taibhrne)
• Sál ag an clós súgartha
• Sa charr clós os comhair an tsean chaisleán féin
Fliú na Muc
Chun baol fliú na Muc a mhaolú sa scoil beidh orainn claoí leis na treoir seo thíos:
- Beidh ar daltaí a gciarsóirí féin a thabhairt isteach chuig an scoil.
- Ní ligfear tuistí isteach chuig an scoil
- Múinfear an Mana “Ceap, Caith, Glan” do dhaltaí
- Má mheastar go bhfuil Fliú na Muc ag duine ná cuir ar scoil iad
Má thagann tinneass ort le airí Fliú na Muc cuir fios ar an líne Eolais Saorghlaodh 1800 94 11 00, ar fáil 24 uair sa ló.
Eagsúlachtaí idir Fliú na Muc agus an slaighdeán coitianta
Airí, Comharthaí Fliú na Muc Slaighdeán Coitianta rochtain Go toban Mall Fiabhras Saintréith ná a Airde Anamh (≥38oC or 100oF) Tinneas Cinn Chun cinn Anamh Pian agus cráphian Coitianta, dona níos minicí Anamh Tuirse agus laigeacht Is féidir leis leanúint Séimh go leor feadh roinnt seachtainí Tnáitheadh Foircneach Luath agus chun cinn Ariamh Sileadh srón Coitianta Coitianta Sraothanaigh Coitianta Gnáthach Scornach tinn Coitianta Coitianta Casacht Coitianta, is féidir leis Séimh go measarthach, bheith an-dona Casacht garbh Buinneach, Amantaí Ní luaitear seo len slaighdeán Urlacan coitianta i ndaoine fásta
amharc ar an fógra ar suíomh idirlíon an FSS
http://www.hse.ie/eng/swineflu/test_advert/Advert_in_Irish.html
íoslódáil billeog eolais an FSS
http://www.hse.ie/eng/swineflu/Fliu%20na%20Muc%20Leagan%202.pdf
Ceisteanna Coitianta
- Cad iad na buntáistí a bheith dhá theangach?
- Ach ní féidir liom Gaeilge a labhairt?
- Conas a úsáidfimid Gaeilge sa bhaile mura féidir ach le duine dínn é a labhairt?
- An meascann páistí an dá theanga le chéile?
- Conas is féidir liom cabhrú le mo pháiste sa naíonra nó sa scoil mura féidir liom Gaeilge a labhairt?
- Cad is fiú dúinn Gaeilge a labhairt sa bhaile nuair atá sé á fhoghlaim ar scoil ag ár bpáiste?
- An mbeidh droch-thionchar ar Bhéarla mo pháiste is í/é ag foghlaim dhá theanga?
- Cad a dhéantar má tá mianta speisíalta ag mo pháiste?
- An bhfuil Gaeilge deacair le foghlaim?
- Is maith liom léamh do mo pháiste. Conas is féidir liom é seo a dhéanamh mura labhraím Gaeilge?
- Cad is fiú do mo pháiste mion-theanga a fhoghlaim?
- Nach mbeadh sé níos fearr dá bhfoghlaimeodh mo pháiste teanga úsáideach ar nós Fraincis, Gearmáinis nó Spáinnis?
- Conas is féidir liom meon dearfach i dtreo na Gaeilge a mhúscailt i mo pháiste?
- An mbeifear fós ag labhairt Gaeilge sa bhliain 2020?
- Ceart go leor – táim tiontaithe! – cad é an chéad chéim eile?
Freagraí
Ceist: Cad iad na buntáistí a bheith dhá theangach?
Freagra: Tá iomad buntáistí, mar shampla:
- Léiríonn taighde go dtaispeánann páistí le níos mó ná teanga amháin níos mó cruthaíochta agus solúbtachta ina bpróiseais smaointe.
- Beidh buntáistí eacnamúil ann níos déanaí agus do pháiste ag lorg post mar go bhfuil i bhfad níos mó fostóirí ag lorg fostaithe dhá-theangach.
- Is coinníoll chun obair san EU bheith dhá-theangach. Le stádas oifigiúil oibre san EU faighte ag an Ghaeilge beidh seans acu siúd le Gaeilge agus Béarla obair san EU.
- Is féidir len Ghaeilge nasc a chothú idir na nglúinte má bhíonn Gaeilge ag seanathair, seanmháthair nó uncail nó aintín.
- Is féidir le duine dhá-theangach cumarsáid le níos mó daoine ná duine aon-theangach.
- Tugann sé seans do dhuine dhá chultúr a bhlaiseadh.
- Tugann sé seans do dhuine bheith páirteach i ngach ngné den saol sna Gaeltachtaí.
Ceist: Ach ní féidir liom Gaeilge a labhairt?
Freagra: An freagra simplí ná – is cuma! Ní féidir le suas le 65%-70% de thuismitheoirí a chuireann a bpáistí chuig Gaelscoil Gaeilge a labhairt ach oiread. Ní chaillfidh do páistí a dteanga, foghlaimeoidh siad teanga breise agus beidh siad in ann casadh ó cheann amháin go dtí an cheann eile gan stró más gá dó ceist a chur ort.
Ceist: Conas a úsáidfimid Gaeilge sa bhaile mura féidir ach le duine dínn é a labhairt?
Freagra: Tá sé seo coitianta ní amháin i nGaeilge agus i mBéarla in Éirinn ach in iomaí tíortha mór-thimpeall an domhain a mbíonn dhá theanga á labhairt acu. An chéad chéim ná roghnú gur mian leat go mbeadh do pháiste dhá theangach. Is é sin an t-am gur gá don tuismitheoir a labhrann Gaeilge é a labhairt chomh minic agus is féidir ag an mbaile ionas go rachaidh an páiste i dtaithí ar bheith ag éisteach le na dá theanga. Ní gá go mbraithfeadh an páirtí a bheith fagtha amach, cuimhnigh gur breá le páistí, aistriú agus míniú cad a dúradh i nGaeilge. Is féidir leis an páirtí gan Gaeilge a theanga féin a labhairt don páiste ionas go mbeidh siad iomlán dhá-theangach. Is modh coitianta agus rathúil é seo ar a dugtar ‘Aon Teanga Aon Tuismitheoir’.
Ceist: An mheascann páistí an dá theanga le chéile?
Freagra: Amanna tarlaíonn sé seo ar dtús, ach ní cúis buartha é, is cuid de próiseas nádúrtha foghlama dhá theanga atá ann. Tá sé an-áisiúil go gcloisfidh siad fuaimeanna an dá theanga is iad óg. Má théann páistí chuig naíonra beidh siad cheana féin in ann deighilt a dhéanamh idir an dá theanga faoin am go dtosaíonn siad sa bhun-scoil. Tuigfidh siad an difríocht agus labhróidh ar ais sa teanga ina labhrann tusa leo.
Ceist: Conas is féidir liom cabhrú le mo pháiste sa naíonra nó sa scoil mura féidir liom Gaeilge a labhairt?
Freagra: Tá iomad bealach ar féidir leat cur leis an méid atá á fhoghlaim ag do pháiste sa Naíonra nó sa scoil:
- Is féidir leat spéis áirithe a léiriú i ngach ghné dá scolaíocht.
- Níl aon fáth nach leanfá ar aghaidh ag léamh agus ag comhrá faoin a ghníomhaíochtaí i pé teanga atá tú compordach ann.
- Beidh sé ann mhaith dá scileanna sóisialacha agus smaointe de bheith ag insint duit as béarla cad atá á fhoghlaim aici as Gaeilge.
- Mar a luaigh muid, b’fhéidir gur cóir duit smaoineamh ar thosú gaeilge a fhoghlaim tú féin ionas gur féidir leat coimeád suas le do pháiste.
Ceist: Cad is fiú dúinn Gaeilge a labhairt ag an baile nuair atá sé á fhoghlaim ar scoil ag ár bpáiste?
Freagra: Is áit an-tábhachtach é an baile do pháistí a dteangacha a fhorbairt. Áit nádúrtha é bheith ag caint faoi gnáth chúrsaí an lae le tuistí nó le daoine eile. Má tá an seans agat Gaeilge a úsáid ag an baile, déan sin, mar is áit an-mhaith do do pháiste í a labhairt ann freisin.
Ceist: An mbeidh droch-thionchar ar Bhéarla mo pháiste is í/é ag foghlaim dhá theanga?
Freagra: Taispeánann an taighde gur gcabhraíonn cumas i dhá theanga le cumas foghlama i gcoitinne. Is féidir le páistí foghlaim faoi rud éigin i dteanga amháin agus labhairt faoi i dteanga eile, agus cabhraíonn seo leo an t-ábhar a thuiscint níos fearr. Taispeánann an taighde is déanaí go n-éiríonn níos fearr le páistí atá ag fáil oideas dhá theangach i ngach ábhar, Béarla san áireamh!
Ceist: Cad a dhéantar má tá mianta speisíalta ag mo pháiste?
Freagra: Is féidir le páistí le mianta speisialta é, teacht ina gcumas iomláine i nGael-scoil, sa chaoi céanna is ar féidir leo in aon scoil eile. Taispeánann an taighde go neartaíonn dhá-theangachas foghlaim – seachas é a lagú. Má tá aon amhras ort, glac comhairle ó eolaí gairmiúil, b’fhearr go mbeadh cleachtadh acu ar bheith ag déileáil le páistí dhá-theangach. Beidh Gaelscoileanna in ann cinntiú go mbeidh gach cúnamh ar fáil ag do pháiste.
Ceist: An bhfuil Gaeilge deacair le foghlaim?
Freagra: Níl! In atmaisféir cuidiúil is féidir le aon páiste foghlaim conas Gaeilge a labhairt chomh héasca is a bhfoghlaimeodh siad aon teanga, cuma cé chomh deacair is a mheastar atá an teanga. Cuimhnigh go mbeirtear páistí le cumas bheith dhá-theangach. Tá spás san intinn do níos mó ná teanga amháin.
Ceist: Is maith liom léamh do mo pháiste. Conas is féidir liom é seo a dhéanamh mura labhraím Gaeilge?
Freagra: Níl aon fáth nach léifeá leabhair trí Bhéarla dod pháiste agus iad a ghríosú chun leabhair Béarla a léamh iad féin. Is féidir leat comhairle a lorg ó do leabharlann áitiúil maidir le leabhair caoi a roghnú. Ritheann leabharlann Chluainín maidin ‘Léitheoireacht Leabhair Ghaeilge do Pháistí’ gach Céadaoin. Cabhróidh sé seo le tuismitheoirí gan Gaeilge roinnt leabhair Gaeilge a léamh dá bpáistí. Maidir le do pháiste, chomh luath is atá léitheoireacht foghlamtha acu, beidh siad in ann aistriú ó Ghaeilge go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge gan stró.
Ceist: Cad is fiú do mo pháiste mion-theanga a fhoghlaim?
Freagra: Tá suas le 100 mion-theanga sa Chomhaontas Eorpach nua á labhairt ag na milliúin daoine. Tá idir 60% agus 70% de dhaonra an domhain ag úsáid dhá theanga chuile lá dá shaoil. Úsáideann 50 milliún daoine teanga nach é príomhteanga a dtíortha é chuile lá.
Ceist: Nach mbeadh níos fearr dá bhfoghlaimeodh mo pháiste teanga úsáideach ar nós Fraincis, Gearmáinis nó Spáinnis?
Freagra: Foghlaimeoidh daltaí dhá-theangach an triú agus an ceathrú teanga níos sciobtaí ná páiste aon–teangach ag foghlaim a dara theanga. Ní thosaíonn curaclam na dteangacha Eorpacha go dtí go dtosaíonn na páistí sa dara leibhéal. Mar sin tá sé i bhfad níos úsáidí dóibh dhá theanga a bheith acu agus iad ag tosú sa mheán scoil.
Ceist: Conas is féidir liom meon dearfach i dtreo an Ghaeilge a mhúscailt i mo pháiste?
Freagra: Más mian leat go mbeidh do pháiste mórtasach as bheith in ann Gaeilge a labhairt, tá sé tábhachtach go mbíonn meon dearfach agat i dtreo an teanga agus go dtaispeánann tú é seo dod pháiste. Is minic a léiríonn páiste an meon céanna i leith rudaí agus a bhíonn ag na tuismitheoirí. Má thaispeánann tusa gur maith leat Gaeilge a chloisteáil, is dócha go mbainfidh do pháiste taitneamh as í a labhairt!
Ceist: An mbeifear fós ag labhairt Gaeilge sa bhliain 2020?
Freagra: Ní hamháin gur teanga saibhir a dtéann i bhfad siar sa stair í an Ghaeilge ach is teanga bríomhar nua-aoiseach í atá ag díriú í féin i bhfad isteach sa todhchaí. Teanga an-láidir í an Ghaeilge a mhaireann in ainneoin an cur ina choinne fíochmhar a dhéanadh thar na céadta bliain. Ciallaíonn an spéis úr atá á léiriú sa teanga de thúisce dea-thorthaí na Gaelscoileanna, TG4 agus srl. go leanfaidh an teanga ag forbairt agus gur bhfanfaidh sé mar teanga labhartha ar féidir le chuile dhuine in Éirinn páirt a ghlacadh inti.
Ceist: Ceart go leor – táim tiontaithe! – cad é an chéad chéim eile?
Freagra: Má tá páiste agat téigh i dteagbháil le duine de choiste bunaithe Gaelscoil Chluainín. D’fhéadfeá scríobh chugainn ag an seoladh thíos nó ríomhphost a sheoladh chugainn ag eolas@gaelscoilchluainin.com. Mura bhfuil cónaí ort gar go leor don scoil beidh muid in ann chomhairle a thabhairt duit ar na gaelscoileanna is cóngairí dhuit.